Loading

Teach Hiudai Beag

Is teach é, Teach Hiudai Beag, a bhfuil oidhreacht an chúltúr ghaelaigh le braithstin go laidir in achan choiscéim da dthug sé, le linn a bheatha atá fós ag annalú go laidir.

Théid sé I bhfad siar, go dtí an dara leath den naoiú haois deag, is sibín a bhí ann ó thús amá. Bhí dlúthcheangal ag muintir na háite agus iascairí na n-oileán leis an teach tabhairne, rud a thúgann to bhfuil oidhreacht shaibhir aige ó thaobh béaloideas de.

Tá rian an dúchas agus an chúltúr le braithstin go laidir ó thaobh cruinneas Gaeilge na gcustaimeoirí aitiúle agus custaimeoirí eile nach h-iad, agus gaol mhór ag lucht na sé condae leis an teach thar na blianta. Tá siad mar dhlúthpháirt d’oidhreacht an tí.

Is teach é a bheir meas agus aitheantas de lucht na h-éalaíona, agus a fhianaise ar a mhinicí a fhreagraíonn lucht na héalaíona an t-aitheantas sin tré leabharthaí filíochta, gearrscealta agus dluthdhioscaí ceoil a lainseail sa teach.

Is beag ceoltóir iomráiteach i gciorcail an cheoil traidisiúnta nar bhuail isteach SA teach seo agus munar bhuail, is cinnte gur chuala siad iomrá air.

Tá oidhreacht spóirt ag an teach fosta ó tharla gur peileadóir gaelach iomráiteach ba fear an tí, Hiudaí Beag, atá ar shlí na firínne ó bhí 1974, ó sin go 1993 ba Cití, a bhaintreach a bhí mar úineir an tí – Bean an chumasach, neamhspleâch agus cothrom í, a raibh smacht meilteanach aicí ar chustaimeoirí ó thaobh iompar agus beasaí de. Sheasaigh sí an fód go laidir le linn a hama mar úineoir ar shon an cheol ghaelaigh agus bhéarfaidh sí uachtach mhór do fhoghlaimeoirí Gaeilge tré iarracht mhór a dheánamh Gaeilge a !abhairt leo. Tá sí beo beithíoch go foill, ag 98 bliain d’aois agus buailean sí fideog fhrancach agus bocsa ceoil.

Ó shin i leith tá a mac Hugh, an duine is óige de cheathrar clainne ina úineoir. Buailleann seisean ceol gaelach sa teach tabhairne ar an fhideal agus bocsa ceoil.

Buail Isteach!

Le Tacaíocht Ó